In cart Not available Out of stock

Bhí an-thioncar ag amhránaíocht Eithne Ní Uallacháin ar Mhuireann agus í ag éirí aníos. Cé gur sean-amhrán é seo, do chum Eithne an fonn nua seo le cur leis. Tá Muireann á chanadh leis na cianta.
Growing up, Muireann was a big fan of the singing of Eithne Ní Uallacháin who composed a new melody for this traditional song. Muireann has been singing this song since she was a child.

Lyrics

Malaí na gCuach Ní Chuileannáin
Ar meisce ní théam níos mó, Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chailleas mo chailín beag óg Do chuirfeadh im’ phócaí an t-airgead.
Curfá Is fada liom uaim í, uaim í, Is fada liom uaim í ó d’imigh sí. Is fada liom thíos agus thuas í, Malaí na gCuach Ní Chuileannáin.
Déanfaidh mé tigh ar an ard, Is beidh ceithre ba bána, breaca agam, Ní ligfidh mé aon duine dá gcomhair, Ach Malaí gheal bhán ní Chuileannáin. Dá mbeinnse i ndeachair an bháis, Is na daoine á rá nach dtiocfainn as, Ní dhéanfainn mo thiomna go brách, Go dtiocfadh Mal óg Ní Chuileannáin.
Bhíosa lá ar a choill, Is do tharla dom soilse bhradóige, Dhéanfadh sí marbhán beo, Nó buachaill deas óg den tseanduine.