In cart Not available Out of stock

An Staicín Eornan (trad.)
D’fhoghlamaigh Muireann an t-amhrán seo ó chara mór linn go léir, an ceoltóir agus craoltóir Pádraig Ó Sé ó Dhún Chaoin. Táimid an-bhuíoch de as a chabhair is a chomhairle dúinn. Tá leagan de seo i gcártlanna RTÉ Radió na Gaeltachta á chanadh ag Tomás Ó Loinsigh a saolaíodh i 1921 i mBaile an tSléibhe, i bParóiste Cheann Trá.
Muireann learned this Kerry song from our great friend, the musician and broadcaster Pádraig Ó Sé. Many thanks to him for his help and advice.

Lyrics

An Staicín Eornan
(Traditional)

Tráthnóna beag déanach cois abhainn go nglaonn said Malabog,
Is a’ smaoineamh cá bhfaighinn ainnir dheas ansúd ar mo thoil,
’Sea do casadh cailín óg orm is í go brónach atuirseach,
Bhí scáil na rós ’ na leacaibh lain, is í síor ghol.
Is d’fhiafraíosa den spéirbhean cad é fáth a caithise.
D’fhreagair sé go séimh mé is a bréithre siúd do chealg mé,
’Staicín eornan atá I mbaol leachta,
Is an deamhan duine a gheobhainn, a bhuaileadh é ar mo thoil’.

Cad a thabharfá féin as an gcéad nó as an ‘ bfichead
Don té bhuaileadh é go cluthar deas ansúd ar do thoil ?’
‘Thabharfainn coróin is’ ló dó is a dhóthain mhór le n-ithe,
Is leaba mhaith chun codlata is ní hé an sop.
Céile mhaith thí agat más mian leat mise agat,
Ól agus imirt, a ruin, gan locht,
Crúscaí beoir le n-ól mar dhí agat,
‘S dá mb’fhiú a thuilleadh thú ní bheinnse docht.’

Do chuasa lá ann ‘s do barr mhaith an t-imeacht dom,
Mar bhí agam an iomarca de rum is de dheoch,
Do bhí mairtfheoil ard ann ‘gus arán do bhí fuinte I gceart,
Ó láimh na bruinnille do bhí gan locht.
Ar maidin lárna mhaireach ba mhíshásta san a bhíosa,
Mo shúiste a bhí briste is m’iallach a bhí bog,
Is dá dtabharfainnse chúigh phúnt di ní bhrúfadh sí ribe dhom,
Ba chumhamhór nár dheineasa is nárbh ainnis é mo chor.

Mo mhallachtsa do bhéarfainnse don spéirbhean mhilis bhladartha,
Go mbeadh an fómhar ag leathadh ar a clan fir I ngort,
Is dá dtiocfadh mo rún chughamsa ar chuntasaí ná scarfainnse,
Go brách, brách go leanfainn í ón gcolainn go dtí an bport.
Is ní déarfainn so ná súd leat, a ruin, I dtigh a’ tabhairne,
Is ní déarfainn Cuma liom leat dá ndiúgfá an barraille
Raghainn ar leaba chlúimh leat le haon toil na hEaglaise,
Is go mór mhór go mb’fhearra é ná draidireacht cois tor.